Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
  • PRESS RELEASE
  • Foilseachán 06 Meitheamh 2025

Comhairliúchán poiblí seolta ag an gCoimisiún maidir le córais intleachta saorga ardriosca

Inniu, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí chun ionchur a bhailiú maidir le rialacha an Ghnímh um an Intleacht Shaorga maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chur chun feidhme.

Lámha shealbhú smartphone glowing, ceangailte le grafach inchinn luminous AI ag an lár. Snámhann doiciméid dhigiteacha timpeall, nasctha le línte solais, rud a léiríonn faisnéis phróiseála IS ar fhóin phóca.

© GettyImages

Leis an gcomhairliúchán, baileofar samplaí praiticiúla agus soiléireofar saincheisteanna a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca. Cuirfear an t-aiseolas sin san áireamh sna treoirlínte ón gCoimisiún atá ar na bacáin maidir le córais intleachta saorga ardriosca a aicmiú, agus sna ceanglais agus sna hoibleagáidí gaolmhara. Baileoidh sé ionchur freisin maidir le freagrachtaí feadh shlabhra luacha na hintleachta saorga.  

Sainaithnítear sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga dhá chineál córais intleachta saorga ‘ardriosca’: (1) tábhachtach do shábháilteacht táirgí faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí; agus (2) iad siúd a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha daoine i gcásanna úsáide sonracha a liostaítear sa Ghníomh um an Intleacht Shaorga.  

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear soláthraithe agus forbróirí córas intleachta saorga ardriosca, gnólachtaí agus údaráis phoiblí a úsáideann na córais sin, chomh maith leis an saol acadúil, institiúidí taighde, an tsochaí shibhialta, rialtais, údaráis mhaoirseachta, agus saoránaigh i gcoitinne a dtuairimí a roinnt.

Beidh an comhairliúchán ar oscailt ar feadh 6 seachtaine go dtí an 18 Iúil 2025. 

Is féidir leat tuilleadh eolais a léamh faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga.